Informatics Educational Institutions & Programs
Clár ábhair
(2010) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 Iúil 1929 Queens, New York |
Bás | 17 Bealtaine 2014 84 bliana d'aois La Jolla, California |
Siocair bháis | Ailse phróstataigh |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Ursinus Perelman School of Medicine at the University of Pennsylvania (en) Ollscoil Rockefeller |
Comhairleoir dochtúireachta | Frederick Sanger |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Bitheolaíocht agus imdhíoneolaíocht |
Gairm | bitheolaí, néareolaí, fisiceoir, múinteoir ollscoile, imdhíoneolaí, eolaí néarchórais, ceimiceoir |
Fostóir | Ollscoil Rockefeller |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Mac léinn dochtúireachta | Olaf Sporns |
Gradam a fuarthas
| |
Bithcheimicí a saolaíodh i Nua-Eabhrac is ea Gerald Maurice Edelman (1 Iúil 1929 – 17 Bealtaine 2014[1]). Rinne sé taighde ceannródaíoch ar mhiaileóma ilchodach is tacar na n-aimínaigéad sna próitéiní ann, struchtúr is comhdhéanamh na n-antasubstaintí atá lárnach i gcosaint na colainne i gcoinne ionfhabhtuithe in ainmhithe veirteabracha, an duine ina measc, agus atáirgeadh DNA plasmaid giosta in vitro.
Bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1972 le Rodney Porter as an obair ar antasubstaintí.
Cáil air as leabhair a chuir an eolaíocht chun cinn i measc an phobail, ina measc Second Nature: Brain science and human knowledge (An Dara Nádúr: Eolaíocht Inchinne is Eolas Daonna, 2006).[2]
Tagairtí
- ↑ http://www.faz.net/aktuell/wissen/hirnforscher-gerald-edelman-gestorben-darwins-gehirn-12946590.html Fógra mairbh (i nGearmáinis)
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Gerald Maurice Edelman". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 239.